Cá bhfuil Iorras?
Tá barúntacht Iorrais suite ar chósta iar-thuaisceart Chontae Mhaigh Eo. Is Gaeltacht é Iorras agus tá ár dteanga dhúchais le cloisteáil go forleathan anseo mar a bhí in Éirinn san am atá thart. Is seod gan nochtadh é Iorras ina bhfuil radhairc tíre gan sárú, ceannphointe oidhreachta ilbhuach, cultúrtha agus nádúrtha.
Ag ceithre choirnéal Iorrais tiocfaidh tú ar: Achaidh Neoiliteacha Chéide, Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich ina bhfuil fiántas gan mhilleadh, aillte móra maorga Cheann Iorrais agus uaigh finscéalach Chlann Lir – Inis Gluaire.
Siar uait – Nua Eabhrac!
Lóistín
Agus tú ar fán in Iorras is féidir do phuball a shuigh in aice na farraige nó is féidir seiceáil isteach in óstán búitíc. Nó b’fhéidir gurbh fhearr leat lóistín i B&B áitiúil nó iostas féinfhreastail. Seans nach mbeidh aon díth codlata ort tar éis aer úr folláin na mara.
Tá rogha leathan de lóistín ar fáil, iad ar fad faoi úinéireacht agus faoi riar daoine áitiúla. Cibé céard é do rogha bí cinnte go mbeidh céad míle fáilte romhat.
Bia & Deoch
An bhfuil ocras ort? Tá treoraí áitiúil ar fáil chun a thaispeáint duit conas sliogéisc agus feamainn a shiortú ar an gcladach i gcomhair do lón. Téigh amach le hiascaire áitiúil agus bain triail as ‘Catch & Cook’ le haghaidh do dhinnéar. Nó bain taitneamh as béile beadaí i gceann de na bialanna nó na tábhairní buaiteacha in Iorras.
Tóraíocht in Iorras
Tá rogha den scoth le fáil in Iorras – tá síocháin agus suaimhneas ann ach gníomhaíocht agus eachtraíocht freisin!
Is féidir luí go socair ar an dtrá nó tumadh isteach san Aigéan Atlantach faoi stiúir eolaí ‘coasteering’!
Tóg go bog é ar thuras ‘Catch and Cook’ go dtí oileáin tréigthe Inis Gé nó téigh ann de ruathar i luasbhád!
Bíodh cupán tae agat san ionad oidhreachta i measc stair na háite nó bíodh pionta agat sa pub agus ‘craic agus ceol’ leis.
Téigh ag snámh i gcuas ciúin nó ag cadhcáil i measc na ndeilfeanna. Aimsigh limistéir níos ársa ná pirimidí na hÉigipte nó tabhair cuairt ar thaispeántas ealaíne nua-aimseartha.
Foghlaim ceird thraidisiúnta nó cúplafocal Gaeilge. Imir babhta gailf ar ghalfchúrsa den scoth, a bhfuil cáil domhanda air, nó féach le breith ar bhradán i gceann de na haibhneacha duántachta is mó le rá san Eoraip.
Bain triail as an surfáil ar mhórthonnta an Atlantaigh fhiáin ar an dtaobh thiar den leithinis nó tóg caisleán gainimh ar thaobh na fothana.
Cuimhní cinn ó Iorras
Ó cheann ceann na bliana tá réimse leathan de fhéilte ar siúl in Iorras. Tá an t-aonach traidisiúnta bliantúil – Lá an Logha, an fhéile ealaíona tíre – Féile Iorrais, Féile Bhéal an Mhuirthead, Féile Fáilteach Cill Chomáin, Féile na bPáistí, Féile Erris Beo agus Féile Ghaoth Sáile. Tuilleadh eolais ar www.errisbeo.ie.
Ealaíona, Cultúr agus Oidhreacht
Is limistéar é Iorras atá lán den litríocht, den cheol, den fhilíocht agus den ealaíon. Dúirt scríbhneoir amháin ag trácht ar an áit, “I have never known a place so full of story.” Faoi gur ceantar Gaeltachta é tá an seanchas agus na sean-traidisiúin beo bríomhar ann. Tá saibhreas ceoil, cultúir agus oidhreachta anseo, rud a chothaíonn tuiscint don stair, don chultúr agus do dhúchas na háite. Áit le meon agus nádúr dá chuid féin is ea Iorras – le stair agus finscéalta nach bhfuil inste fós. Tabhair cuairt ar Iorras agus feicfidh tú duit féin an inspioráid a mbíonn ealaíontóirí ag trácht air.
Ag dul i bhfiáin leis an fiabheatha!
Is cúis mhór bróid dúinn an timpeallacht agus an tírdhreach anseo in Iorras agus oibrímid le chéile chun iad a chaomhnú. Bunaíodh Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich i 1998, an séú páirc náisiúnta in Éirinn. Tá an iliomad Limistéar faoi Chosaint Speisialta agus Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta anseo. Seans go bhfeicfidh tú an ghé ghiúrainn, an piardálaí trá, an crotach nó go gcloisfidh tú ‘crex crex’ an traonaigh annaimh. Tá saibhreas bitheolaíochta de flora agus fauna le fáil sna huiscí agus ar thalamh Iorrais – lúcháir agus ríméad dóibh siúd a bhfuil suim acu sa dúlra.
Ná tóg ach grianghraif, ná maraigh ach an t-am agus ná fág ach lorg coise
Slí an Atlantaigh Fhiáin
Is é Slí an Atlantaigh Fhiáin an muirbhealach thurasóireachta is faide ar domhan (2,500km), ag síneadh ó Dhún na nGall go Corcaigh. Tá breis agus 150 Pointe Radhairc ar an mbealach agus tá 11 acu in Iorras, dhá cheann eile in aice láimhe agus Pointe Sár-Radhairc ar leac an dorais again.
Buail an bóthar …
Buail an bóthar go dtí (agus thart ar) Iorras leis an app saor seo…app.errisbeo.ie
Éist! Rabhadh!
Is Gaeltacht é Iorras. Labhraítear Gaeilge anseo agus tá na comharthaí bóthair ar fad i nGaeilge, rud a chuireann cuairteoirí amú in amanna. Mar sin, mar chabhair duit, ní mór liosta de logainmneacha aistrithe a íoslódáil ón suíomh gréasáin – www.errisbeo.ie
Visit Belmullet
Belmullet, Co. Mayo
Mon – Fri: 10:00am – 4:00pm